- 0000063
- Person
- 1930-2023
Rugadh Diarmuid Breathnach i gCoill tSíomoin, Co. Chill Mhantáin ar 5 Lúnasa 1930. Bunscolaíocht (Bré), meánscolaíocht (Áras Brianach na mBráithre Críostaí, agus Dún Laoghaire). Chuaigh leis an leabharlannaíocht (Comhairle na Leabharlann, Bré; Co. Chill Chainnigh; RTÉ). FLAI (Cumann Leabharlann na hÉireann). Dochtúireacht onórach 2002 (Ollscoil na hÉireann). Foilseacháin: Almanag Éireannach (1981); Almanag Éireannach 2 (2001); Beathaisnéis 1–9 (1986–2007) (i gcomhpháirtíocht le Máire Ní Mhurchú); Titim agus Éirí (2013). Aistriúcháin: Lámhleabhar Ginearálta don Cheoltóir (1973) leis an Sr. Cecily OP.