Mostrar 2 resultados

Registo de autoridade

Ní Mhurchú, Máire

  • 0000064
  • Pessoa singular
  • 1932-2024

Rugadh Máire Ní Mhurchú ar an Stúinín, Co. Chill Chainnigh ar 4 Lúnasa 1932. Bunscolaíocht (̌Moing Mhic Óda), meánscolaíocht (Coláiste na Toirbhearta, Móinteach Mílic, Co. Laoise). D’oibrigh sí sa státseirbhís agus ansin do RTÉ. Leabharlannaí cáilithe (FLAI Cumann Leabharlann na hÉireann). Dochtúireacht Onórach 2002 (Ollscoil na hÉireann). Foilseacháin: Beathaisnéis 1–9 (1986–2007) (i gcompháirtíocht le Diarmuid Breathnach).

Breathnach, Diarmuid

  • 0000063
  • Pessoa singular
  • 1930-2023

Rugadh Diarmuid Breathnach i gCoill tSíomoin, Co. Chill Mhantáin ar 5 Lúnasa 1930. Bunscolaíocht (Bré), meánscolaíocht (Áras Brianach na mBráithre Críostaí, agus Dún Laoghaire). Chuaigh leis an leabharlannaíocht (Comhairle na Leabharlann, Bré; Co. Chill Chainnigh; RTÉ). FLAI (Cumann Leabharlann na hÉireann). Dochtúireacht onórach 2002 (Ollscoil na hÉireann). Foilseacháin: Almanag Éireannach (1981); Almanag Éireannach 2 (2001); Beathaisnéis 1–9 (1986–2007) (i gcomhpháirtíocht le Máire Ní Mhurchú); Titim agus Éirí (2013). Aistriúcháin: Lámhleabhar Ginearálta don Cheoltóir (1973) leis an Sr. Cecily OP.